
Inse Chór

Is comharsanacht í Inse Chór, suite i mBaile Átha Cliath 8, atá saibhir ó thaobh na staire agus an phobail de, agus ag a bhfuil oidhreacht bhríomhar spóirt, sainchomharthaí aitheanta, agus ceangail láidre leis an tionscal iarnróid.
Tabhair cuairt ar Dhún Richmond, a tógadh den chéad uair mar bheairic d’arm na Breataine agus a úsáideadh ina dhiaidh sin mar láithreán coinneála dóibh siúd a raibh baint acu le Cogadh na Saoirse agus le hÉirí Amach 1916. Sa lá atá inniu ann, tá athchóiriú álainn déanta air mar ionad do go leor imeachtaí cultúrtha agus cuirtear turais coisíochta, cainteanna stairiúla agus gníomhaíochtaí pobail eile ar fáil ann. Trasna an bhóthair tá reilig an Droichid Órga a d’oscail Daniel O’Connell agus Coiste Reiligí Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1828. Athchóiríodh an reilig ghairdíneach Victeoiriach shuaimhneach seo in 2017. Tá crainn fhásta agus leacht mór lárnach an-fheiceálach inti, agus is iad a chruthaíonn atmaisféar suaimhneach ar leith agus a dhéanann áit mhachnaimh di.
Bhí go leor ceangail spóirt ag baint le hInse Chór thar na blianta. Reáchtáladh cluichí ceannais na hÉireann anseo in 1889 nuair a fuair Tiobraid Árann an ceann is fearr ar Laois sa pheil Ghaelach agus nuair a fuair Baile Átha Cliath an ceann is fearr ar an gClár san iománaíocht. Ó thaobh sacair de, is i bPáirc Richmond páirc bhaile St. Patrick’s Athletic, club de chuid Shraith na hÉireann a bunaíodh sa bhliain 1929, club a d’fhág lorg mór ar fhéiniúlacht spóirt an cheantair. Fuair an laoch sacair Paul McGrath a theideal cáiliúil ‘The Black Pearl of Inchicore’ ó bheith ag imirt ar son St. Patrick’s Athletic. Rugadh Katherine “Kay” Mills, duine de na himreoirí camógaíochta ab fhearr dá raibh ann riamh, sa Chearnóg Theas. Bhuaigh 15 chraobh na hÉireann le Baile Átha Cliath.
Tá sainchomharthaí stairiúla ann amhail Oibreacha Iarnróid Inse Chór, a théann chomh fada siar le lár an 19ú haois, atá mar léiriú ar stair thionsclaíoch na comharsanachta agus ar a ceangal tábhachtach le hinfreastruchtúr iarnróid na hÉireann. Bhí ról suntasach ag na hoibreacha seo maidir le múnlú an phobail agus maidir le forbairt gheilleagrach a chothú sa cheantar.
Tá pobal bríomhar sóisialta agus siamsaíocht bhríomhar oíche in Inse Chór. D’oscail an gnólacht Rascals Brewing Co in 2014, iad ag tairiscint beoracha ceirde, turais ghrúdaireachta, imeachtaí agus mionfhéilte agus ag réiteach roinnt de na píotsaí is fearr i mBaile Átha Cliath. Díreach béal dorais, gheobhaidh tú Drioglann Stillgarden, drioglann neamhspleách agus ionad cuairteoirí a bhfuil dámhachtainí buaite aige, a osclaíodh sa cheantar in 2019. Tá cur chuige timpeallachta ag Stillgarden atá faoi stiúir an phobail, agus is ann a bhfuil tionscadal pobail na luibheolaithe sóisialta lonnaithe.
Sa lá atá inniu ann, tá Inse Chór breá bríomhar i gcónaí, agus tá meascán inti dá stair shaibhir, d’áiseanna nua-aimseartha agus de spiorad pobail spleodrach.