Ceisteanna coitianta

Is tionscnamh comharsanachta é Coinne Cultúir le Baile Átha Cliath 8 a dhéanann ceiliúradh ar oidhreacht shaibhir chultúrtha, staire agus ailtireachta Bhaile Átha Cliath 8 agus a spreagann daoine atá ag maireachtáil, ag obair agus ag tabhairt cuairt ar an gceantar blaiseadh a fháil dá bhfuil ar leac a ndorais. Reáchtálaimid féile bhliantúil shuaitheanta na gcomharsanachtaí i mí Bhealtaine agus reáchtálaimid imeachtaí agus tionscadail eile le linn na bliana.
Tá ár léarscáil um Radhairc Chultúrtha Inspéise Bhaile Átha Cliath 8 ar fáil i ngach oifig turasóireachta i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus in áiteanna eile faoi thrácht.
Tá ár bPas um Radhairc Chultúrtha Inspéise Bhaile Átha Cliath 8 ar fáil i ngach oifig turasóireachta i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus in áiteanna rannpháirteacha eile.
Beidh an fhéile ar siúl ón gCéadaoin 8 Bealtaine go dtí an Domhnach 12 Bealtaine, 2024. Beidh na himeachtaí ar siúl ar thailte chomhpháirtithe rannpháirteacha uilig an chláir, in os cionn 30 áit ar fud Bhaile Átha Cliath 8. Féach ar ár gclár haghaidh na sonraí ar fad.
Caithfear ticéid a chur in áirithe i gcás roinnt imeachtaí, ach ní hamhlaidh atá i gcás gach imeacht. Chun ticéid a chur in áirithe cliceáil ar an nasc chuig leathanach an imeachta. I gcás na nimeachtaí nach gá a chur in áirithe, is féidir leat teacht chuig an imeacht ar an lá.
De bharr thoilleadh na nimeachtaí agus líon teoranta ticéad do na himeachtaí, iarraimid ort teagmháil a dhéanamh le heagraí an imeachta sa chás go bhfuil ticéad agat agus nach bhfuil tú in ann freastal ar an imeacht níos mó, ionas gur féidir do thicéad a chur ar fáil don phobal.
Déanaimid iarracht a oiread imeachtaí a chur ar fáil ar an gclár saor in aisce agus is féidir. Creidimid go mba cheart go mbeadh ár gcultúr, ár stair agus ár n-oidhreacht ar fáil dár bpobal ionas gur féidir páirt a ghlacadh iontu agus foghlaim fúthu. D’fhéadfadh go ngearrfaí táille íseal ar dhaoine i gcás roinnt imeachtaí chun na forchostais a bhaineann leis an imeacht a chur ar fáil a íoc.
Rinneamar iarracht inrochtaineacht an imeachta a fhógairt nuair ab fhéidir, ach má theastaíonn tuilleadh eolais nó cúnamh ar leith uait, molaimid duit teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an ionad.
Féach ar ár leathanach ‘conas a bheith rannpháirteach’.
Iarraimid ort teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an ionad maidir leis an imeacht ar leith ar a mbeidh tú ag freastal. Má tá ceist níos ginearálta agat a bhaineann leis an bhféile, seol d’fhiosrúchán chuig info@culturedatewithdublin8.ie
Déan teagmháil linn trí ríomhphost a chur chuig info@culturedatewithdublin8.ie mura bhfreagraítear do cheist.