Skip to main content

Droichead na Hinse

Islandbridge John Rooney

Tagann ainm an cheantair bhig seo in D8 ón droichead a nascann an ceantar le Páirc an Fhionnuisce

Thugtaí Droichead Sarah air roimhe in ómós cuntaois Westmoreland, ach tagann an t-ainm atá air faoi láthair ó ré an tsaorstáit. Tá Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann áille lonnaithe i nDroichead na hInse. Déanann na gairdíní, deartha ag an ailtire clúiteach Sir Edwin Lutyens, comóradh ar chaoga míle saighdiúir de chuid na hÉireann a cailleadh le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda.

I measc roinnt gnéithe, tá mórleabhair idir colúin eibhir ina bhfuil ainmneacha na saighdiúirí Éireannacha ar fad a cailleadh. Rinne an t-ealaíontóir clúiteach Harry Clarke na himleabhair a mhaisiú go hornáideach. Is spota fóillíochta iad na gairdíní a bhfuil an-tóir ag coisithe orthu agus le spórt a imirt iontu, agus tá gairdín rósanna galánta ann, radharc dochreidte atá ann agus iad faoi bhláth.

Tá go leor cumainn rámhaíochta lonnaithe ar bhruacha na habhann agus is minic a fheictear rámhaithe ag bogadh trí uiscí na Life ó na páirceanna. Rinneadh go leor fionnachtana seandálaíochta a bhain le lonnaíocht fhairsing Lochlannach i bhfearann na ngairdíní cuimhneacháin atá ann inniu agus tá cuid acu ar taispeáint san Ard-Mhúsaem i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath.

Trasna ó Dhroichead na hInse tá Páirc an Fhionnuisce, an pháirc dhaingean is mó san Eoraip. Tá rud éigin ann do gach duine sa tseoid seo in D8. Bíonn an-tarraingt ag turasóirí ar Zú Bhaile Átha Cliath, an tríú zú is sine ar domhan. Feictear fianna buí ag fánaíocht ar fud 15 acra na páirce. Bíonn margaí agus féilte ar siúl i roinnt suíomhanna cosúil le Teach agus Gailearaí Farmleigh, ar le Teaghlach Guinness uair amháin iad. Tá cónaí ar Uachtarán na hÉireann sa pháirc in Áras an Uachtaráin agus ar ambasadóir na Stát Aontaithe in aice láimhe. Tá na conairí bithéagsúlachta, tuamaí réamhstairiúla, conairí coisíochta agus bealaí rothaíochta ar chuid de na rudaí iomadúla atá le déanamh agus le feiceáil anseo. Déan cinnte go dtugann tú cuairt ar na Seomraí Tae Victeoiriacha agus ar Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce. Téann an liosta ar aghaidh is ar aghaidh!