Skip to main content

Fearann san Séamas

St James John Rooney

Tá stair shaibhir ag baint le comharsanacht San Séamas, ceantar paróiste, a shín amach go Cill Mhaighneann tráth.

Tá Sráid Shéamais féin mar chuid de bhealach ársa chuig an ngeata thiar go Baile Átha Cliath agus bhí geata bunaidh San Séamas ina bhalla cosanta seachtrach thart timpeall chathair Bhaile Átha Cliath tráth. Tá Stóras Guinness, an radhairc inspéise is mó tóir in Éirinn i measc turasóirí, lonnaithe sa cheantar anois, a bhfuil radhairc mórthaibhseacha le feiceáil óna bheár aitheanta, an 'Gravity Bar'. Tá dhá dhrioglann cháiliúla uisce beatha sa cheantar seo, Roe & Co atá suite in iar-ionad cumhachta, agus Drioglann Pearse Lyons, atá suite i suíomh stairiúil arbh í Eaglais San Séamas na hÉireann í, áit ar cuireadh tuairim is 100,000 duine ina reilig dhá acra. Trasna an bhóthair ó na drioglanna seo, ná caill an oibilisc in aice láimhe, sainchomhartha ó 1790 i leith, fuarán uisce ba ea é ar dtús a bhronn an Diúc Rutland ar an gceantar. In aice láimhe tá tús le bealach oilithrigh an Camino de Santiago, áit ar féidir leat do phas camino agus stampa a bhailiú ag séipéal pharóiste San Séamas. Bunshuíomh d’ospideál dílleachta tráth ab ea an áit ina bhfuil Ospideál San Séamas anois, dá ndearnadh Aontas Bhaile Átha Cliath Theas agus ospidéal Naomh Caoimhín ina dhiaidh sin. Tá forbairt mhór-ospidéil nua do leanaí á hionchorprú sa choimpléasc faoi láthair.

Ó shainchomharthaí agus beáir stairiúla go caiféanna nua-aimseartha agus eispéiris, tá meascán de radhairc den seandéanamh agus radhairc chomhaimseartha inspéise ar fáil sa cheantar seo, iad go léir faoi fhad siúil nó turas gairid bus ó lár chathair Bhaile Átha Cliath.