
Portobello

Is ceantar gleoite suite i mBaile Átha Cliath 8 é Portobello agus tá cáil air mar gheall ar an gcanáil álainn, an t-atmaisféar bríomhar agus an stair shaibhir chultúrtha atá ann.
Tá cosáin ghleoite siúlóide agus rothaíochta ann feadh bhruacha na canála ar ar féidir leat go leor ealaí, corr réisc, lachan agus fiadhúlra eile a fheiceáil i rith na bliana. Ceann de na rudaí is fearr le déanamh, agus gníomhaíocht a bhfuil an-tóir uirthi i measc mhuintir na háite ná deoch nó picnic a bheith agat ar bhruach na canála móire tráthnóna te samhraidh.
D'fhorbair Portobello mar bhruachbhaile gar do lár na cathrach in éineacht le tógáil na canála móire san 18ú haois. Ciallaíonn an t-ainm, Portobello, cuan álainn, agus i lár an cheantair seo bhí Teach Phortobello, a tógadh in 1807 ar dtús mar óstán. Tógadh go straitéiseach é mar an stad deireanach paisinéirí do bháirsí a bhí ag teacht isteach go Baile Átha Cliath feadh bhealach na canála. Teach altranais a bhí san fhoirgneamh tráth, ar scoil teanga é faoi láthair, inar chaith an t-ealaíontóir clúiteach Éireannach Jack B. Yeats a bhlianta deireanacha.
Thug Portobello a ainm freisin don bheairic ina bhfuil an chartlann mhíleata, ar a dtugtar Dún Chathail Bhrugha anois. Lonnaigh a lán Giúdach in Portobello tar éis an dara cogadh domhanda agus ba mhinic a tugadh “Iarúsailéim Bheag” mar leasainm ar an gceantar. Bhí sionagóg ar Shráid Lennox agus go leor siopaí búistéara Giúdacha agus bácúis a d'oscail sna sráideanna máguaird in aice láimhe, chomh maith le hIarsmalann Ghiúdach ar ar féidir leat cuairt a thabhairt inniu. Rugadh, tógadh nó chónaigh go leor ealaíontóirí agus cruthaitheoirí aitheanta in Portobello, ina measc siúd George Bernard Shaw, Joseph Edelstein, Eamonn Andrews, Harry Kernoff, Con Houlihan, Chaim Herzog, Cornelius Ryan agus eile.
Is comharsanacht álainn é Portobello ina bhfuil bialanna agus beáir iontacha chomh maith agus a bhfuil siamsaíocht oíche bhríomhar ann. Laistigh d'achar gairid siúil go lár chathair Bhaile Átha Cliath, tá an t-uafás le sonrú sa chomharsanacht bheag seo!