
Rialto agus An Carnán

Roinneann Rialto agus an Carnán araon teorainn lenár gcomharsana i mBaile Átha Cliath 12, agus síneann an Carnán beagán níos faide ná teorainn na canála ó dheas.
Fuair ceantar Rialto a ainm ón gcéad droichead de chuid na hiarChanáila Móire, ar a dtugtaí Droichead Fhearchair ar dtús agus dúradh, cé gur amhrasach an scéal a bhí, go raibh sé cosúil lena mhacasamhail Iodálach sa Veinéis! Ainmníodh an teach tábhairne áitiúil, The Bird Flanagan, as duine aisteach den seandéanamh i mBaile Átha Cliath, agus tá beáir nua-aimseartha agus roghanna beadaí ag Rialto le haghaidh milseán agus bia ó bhácúis cheardaí.
Luaitear an Carnán i leabhar mór bán Bhaile Átha Cliath, agus faigheann sé a ainm ó mhuintir Dolphyn ar léi an talamh tráth. D'éascaigh an chóngaracht don chanáil iompar brící sainiúla an Charnáin ó na hoibreacha a bhí suite in aice láimhe i gCromghlinn, agus tógadh tithíocht i ngar agus i gcéin leis na bloic stampáilte a thug carachtar deargbhríce don cheantar dá bhfuil cáil fós air sa lá atá inniu ann.
Ghlac go leor fear agus ban ó Rialto agus ón gCarnán araon páirt in Éirí Amach 1916 ag na suíomhanna garastúin éagsúla sa cheantar a bhain le hÉirí Amach na Cásca, amhail Grúdlann Watkins, Drioglann Marrowbone Lane agus Aontas Bhaile Átha Cliath Theas.
Tá clú agus cáil ar Rialto agus ar an gCarnán toisc gur ar nós sráidbhaile iad agus go bhfuil an-mhuintearas le sonrú iontu. Tá tithe tábhairne agus caiféanna áille áitiúla timpeall an cheantair agus arís eile, tá sé an-ghar do lár chathair Bhaile Átha Cliath, agus freastalaíonn seirbhísí bus áitiúla agus an Luas (Líne Dhearg) go maith air.