
Na Saoirsí

Ó shéipéil agus ardeaglaisí ársa, go saol athchruthaithe na Lochlannach; ó ghrúdlanna agus drioglanna a bhfuil cáil dhomhanda orthu, go trup trap sráideanna stairiúla an mhargaidh – tá an oiread sin le haimsiú agus le sult a bhaint as i gcroílár stairiúil Bhaile Átha Cliath.
Is iad na Saoirsí an ceantar ‘nach mór a fheiceáil’ i mBaile Átha Cliath, agus tá cuid de na láithreáin is inspéise do chuairteoirí sa chathair iontu mar aon le breis is 800 bliain de stair, rud atá ríshoiléir is tú ag spaisteoireacht timpeall.
Féach thart ar iarsmaí de bhalla cathrach meánaoiseach Bhaile Átha Cliath agus tabhair cuairt ar an dá ardeaglais álainn sa chathair. Lean ‘Conair Drioglainne na Saoirsí’ agus faigh blaiseadh dá bhfuil á ghrúdú sna tithe grúdaireachta agus sna drioglanna ceirde nua atá á mbunú san áit ar ar tugadh ‘Triantán Órga’ Bhaile Átha Cliath do tháirgeadh uisce beatha tráth. Foghlaim faoi na scéalta agus na seoda liteartha i leabharlanna atá ann leis na céadta bliain. Nó féach thart ar dhánlanna áitiúla agus diúltaigh do chathú shiopaí seandachtaí Shráid Phroinsias.
Thar aon rud eile, is tábhachtaí na daoine sna Saoirsí – comharsanacht bhríomhar cathrach a léiríonn gné bharántúil de shaol Bhaile Átha Cliath.