Skip to main content

Íoslódáil Léarscáil Tarraingtí Cultúrtha BÁC 8

Fox John Rooney

Tarraingtí Cultúrtha Bhaile Átha Cliath 8 - Íoslódáil an léarscáil.

Cultúrtha Bhaile Átha Cliath 8 - Íoslódáil an léarscáil

Sheol Coinne Cultúir le Baile Átha Cliath 8 léarscáil nua um radhairc chultúrtha inspéise Bhaile Átha Cliath 8. Ón stair mheánaoiseach go dtí an ealaín nua-aoiseach, tá cuid de na láithreáin chultúrtha agus oidhreachta is saibhre in Éirinn le fáil i mBaile Átha Cliath 8, agus tá roinnt mhaith acu faoi fhad siúil dá chéile. Íoslódáil an léarscáil thíos nó faigh ceann acu sna hoifigí turasóireachta i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Gheobhaidh tú chomh maith iad sna háiteanna rannpháirteacha agus sna hóstáin áitiúla. Faigh blaiseadh de na rudaí iontacha ar fad atá le feiceáil agus le déanamh i mBaile Átha Cliath 8.

Íoslódáil Léarscáilí eilé

Íoslódáil Léarscáil Na Saoirsí agus an Treoir do Chuairteoirí agus fiosraigh tarraingtí agus stair Na Saoirsí tú féin. Tá dhá chonair choisíochta a mhaireann uair an chloig sa treoir.

  • Baile Átha Cliath Tionsclaíoch An Saol Mar a Bhí agus an Saol Mar Atá - Foghlaim faoi na ceirdeanna agus na fiontair a rinne ceantar a raibh borradh láidir faoi den cheantar seo i mBaile Átha Cliath Victeoiriach agus déan iniúchadh ar chuid den tseandálaíocht thionsclaíoch is fearr a mhaireann in Éirinn i gcroílár cheantar grúdaireachta agus driogtha an ‘Triantáin Órga’.
  • An Chonair Dhearaidh - Déan iniúchadh ar chuid de shárshaothair ghloine an cheantair, go samplaí de pietà a bhogann, go splanc éirime a thugann an pionta foirfe duit, tá sé ar fad anseo i mBaile Átha Cliath 8.

Íoslódáil Léarscáil Na Saoirsí

Ag iarraidh dul níos faide ó bhaile? Moltar go mór cuairt a thabhairt ar Chill Mhaighneann agus ar Inse Chór - tá siad ar chuid de na sráidbhailte uirbeacha is stairiúla de chuid na cathrach.

Cuirfidh an léarscáil Chill Mhaighneann agus Dún Richmond agus an treoir ar an eolas thú maidir le Príosún Chill Mhaighneann agus Dún Richmond, a naisc le streachailt náisiúnta na hÉireann agus an troid ar son shaoirse na hÉireann, Ospidéal Ríoga galánta Chill Mhaighneann, ina gcuirtear Áras Nua-Ealaíne na hÉireann san áireamh, agus Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann galánta ag Droichead na hInse, chomh maith le páirceanna áille agus áiseanna. Tabhair cuairt orthu inniu.

Íoslódáil Léarscáil Chill Mhaighneann agus Dún Richmond

Fáilte go ‘Triantán Órga’ Bhaile Átha Cliath. Lean Conair Drioglainne na Saoirsí leis an léarscáil agus an treoir seo leis na scéalta a nochtadh ón tréimhse ina raibh grúdaireacht agus driogadh Na Saoirsí i mbarr a réime sa 19ú haois, agus glac do chuid ama le blaiseadh a fháil de thogha na rogha atá tar éis teacht chuig an gceantar le gairid.

Íoslódáil Léarscáil Conair Drioglainne na Saoirsí

Is cathair ilchultúrtha agus nua-aimseartha é Baile Átha Cliath a mbíonn beocht le braistint agus go leor ag tarlú ann, lán de bhialanna, tithe tábhairne agus caiféanna faiseanta. Ach, ní gá ach dul rud beag níos doimhne ná a shráideanna spleodracha, a lánaí agus a chaolsráideanna go dtiocfaidh tú ar stair shaibhir agus shuimiúil atá réidh le hiniúchadh a dhéanamh uirthi. Lean Conair Bhaile Átha Cliath le Visit Dublin.

Téigh amach tú féin agus lean an treoir fuaime chuig gach stad den chonair seo ar an léarscáil chomhfhreagrach, cliceáil ar 'Féach ar an mBealach' agus ar aghaidh leat.

Conair Bhaile Átha Cliath